Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san?
Lúcás 20:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Fiafróchad-sa, leis, díbh-se aon fhocal amáin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é an freagra a thug sé orthu, “Tá ceist agam le cur oraibh freisin; insígí dom anois, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Cuirfidh mise fosta aon cheist amháin oraibh-se. Freagraigidh mé: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh‐se; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ríu, Fiafrochaidh misi fós aonfhocal amháin dibhse; agus tabhruidh freagra oram: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Tá ceist agam-sa le cur oraibhse freisin: insígí dom: An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom: |
Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san?
Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, ’ná ní leigfidh sibh uaibh mé.