Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó.
Lúcás 20:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé seirbhíseach eile chúcha. Ghabhadar air sin, leis, agus thugadar tarcuisne dhó, agus chuireadar uatha folamh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé an dara seirbhíseach chucu ansin; ach bhuail siad é agus thug siad drochíde dó, agus thiomáin ar shiúl é agus a lámha folamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuir sé seirbhíseach eile arís. Acht bhuail siad é sin fosta, agus i ndiaidh droch-íde a thabhairt dó, chuir siad ar shiubhal folamh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé searbhónta eile: agus do ghabhadar air‐sean, agus thugadar droch‐íde air, agus do chuireadar uatha folamh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. |
Agus airís chuir sé chúcha seirbhíseach eile; agus do ghoineadar é sin, sa cheann, agus thugadar tarcuisne dhó.
Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é.
Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine. Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é.
Cia’cu de sna fáidhibh nár dhein bhúr n-aithreacha géarleanmhaint air? Agus chuireadar chun báis na daoine a thargair dóibh teacht an Fhíon-Aoin seo a dheineabhair-se féin anois do bhrath agus do chur chun báis.