Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?
Lúcás 19:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí sé ag teagasg; sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí sé ag teagasc gach uile lá san teampall. Acht bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe agus ceannairí an phobail ag dúil le n-a chur chun báis, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; An Bíobla Naofa 1981 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; |
Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?
An uair sin dubhairt Íosa leis an sluagh: Thánabhair amach chun beirthe orm, agus claidhmhte agus bataí agaibh, mar a thiocfadh sibh chun beirthe ar bhitheamhnach. Bhíos am’ shuidhe sa teampall gach lá ag teagasg i nbhúr measg, agus níor rugabhair orm.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag machtnamh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d’á theagasg.
Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.
Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis.
Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra do chómhlíonadh é.
Agus níor bh’ féidir leó cuimhneamh ar cad a dhéanfaidís, mar bhí na daoine go léir ar tinniol ag éisteacht leis.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.
D’fhreagair Íosa é: Do labhras go h-osgailte leis an ndomhan; dheineas teagasg i gcómhnuighe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníghid na Iúdaigh go léir; agus níor labhras aon nídh fé cheilt.