Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:47 - An Bíobla Naofa 1981

47 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Agus bhí sé ag teagasc gach uile lá san teampall. Acht bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe agus ceannairí an phobail ag dúil le n-a chur chun báis,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus do bhí sé ag teagasc gach lá sa teampall. Acht do bhí uachtaráin na sagart, agus na scríobhaidhthe, agus cinnirí an phobail ag iarraidh faille le n‐a mhilleadh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus bhí sé ag teagasg; sa teampul gach lá. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na h-uaisle a d’iarraidh é chur chun báis,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:47
17 Tagairtí Cros  

Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”


Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.


Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.


Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;


Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.


ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.


Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.


Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d'éalaigh sé óna lámha.


D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.


Nár thug Maois an dlí daoibh? agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí. Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”


Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí