Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 17:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus ná déarfaidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nach dóichí ná a athrach go ndéarfaidh sé leis, ‘Ullmhaigh mo shuipéar, agus cóirigh thú féin agus bí ag freastal orm, go raibh mo shá ite agus ólta agam; agus a chead agat ithe agus ól ina dhiaidh sin?’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht an é nach n-abrann sé leis: Déan réidh mo shuipéar, agus cuir do chrios ort agus déan freastal orm nó go n-ithidh, agus go n-ólaidh mé, agus ina dhiaidh sin íosaidh agus ólfaidh tusa?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus nach é adéarfaidh sé leis, Ullmhuigh nidh le n’ite dhom, agus cuir crioslach ort, agus déan friotáileamh orm, go mbéidh ithte agus ólta agam; agus ’n‐a dhiaidh sin íosfair agus ólfair‐se?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd a né nach aibéora sé ris, Ullmhuigh an ní íosas mé ar mo shuiper, agus cuir do chrios thort, agus fritheóil damhsa, no go nithe mé agus go nibhe mé; agus tar éisi sin ithsi agus ibh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?

Féach an chaibidil



Lúcás 17:8
6 Tagairtí Cros  

Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.


Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, Imthigh láithreach agus suidh chun bídh?


An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidheachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh’órduigh sé dhó a dhéanamh?


D’eirigh sé ó’n suipéar, agus bhain sé dhe a chuid éadaigh agus cheangail sé línéadach fan choím air féin.