Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 17:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Bʼfhearrde don té úd dá gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus dá gcaifí amach san fharraige é, ná é a bheith ina chúis pheaca ag aon duine beag amháin acu seo.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

B’fheárr dó dá gcuirtí bró fá n-a mhuinéal agus go dteilgthí san fhairrge é, ná go dtabharadh sé scainneal do chionn de na rudaí beaga seo.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ba mhaith dhó dá gcrochtaidhe bró muilinn ar a mhuineál, agus dá gcaithtidhe é isteach sa bhfairrge, ’ná go scannlóchadh sé duine de’n mhuinntir bhig seo.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Do bfearr dhó cloch mhuilinn do chur fá na mhuinéul, agus a theilgean ann sa bhfairrge, ná áon don mhuinntir bhigsi sgannlachadh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

ba é a leas go gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus é a theilgean sa bhfarraige níos túisce ná a thabharfadh sé scannal dʼaon duine amháin de na daoine beaga seo.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo.

Féach an chaibidil



Lúcás 17:2
13 Tagairtí Cros  

Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san.


Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Agus má thugann do lámh sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh ’ná dul, agus dhá láimh ort, isteach i n-ifreann, sa teine nách féidir a mhúchadh,


Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-sa dhom ’ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis: Iseadh, á Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’uain do chothú.