Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 14:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar fhreagairt do Íosa, labhair sé leis na dlightheoirí agus na Fairisínigh, ag rádh: An bhfuil sé dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis an lucht dlighe agus leis na Fairisíneachaibh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd ar bhfreagra Díosado labhair sé ris an luchd dlighe agus ris ná Phairsíneachaibh, ag radh, An ceaduigheach leigheas do dhéanamh lá na sábbóide?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

Féach an chaibidil



Lúcás 14:3
10 Tagairtí Cros  

Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith.


Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide.


Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:


Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal.


Agus féach bhí ’n-a láthair duine go raibh líonadh ann.


Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é.


Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh?


Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dheineas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid?