Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis an lucht dlighe agus leis na Fairisíneachaibh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ar fhreagairt do Íosa, labhair sé leis na dlightheoirí agus na Fairisínigh, ag rádh: An bhfuil sé dlisteannach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Achd ar bhfreagra Díosado labhair sé ris an luchd dlighe agus ris ná Phairsíneachaibh, ag radh, An ceaduigheach leigheas do dhéanamh lá na sábbóide?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá sabóide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:3
10 Tagairtí Cros  

agus féach, do bhí duine ann, agus lámh leis seargtha. Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide?


Acht na Fairisínigh, nuair do chonnacadar‐san é, adubhradar leis, Féach, atá do dheisceabail ag déanamh nidh nach dleaghthach a dhéanamh, lá na sabóide.


Agus do chuir duine aca, dlightheoir, ceist air, g‐á thriail.


Agus adubhairt sé leo, Cia aca is dleaghthach, an mhaith do dhéanamh, nó an t‐olc do dhéanamh, lá na sabóide? anam duine do shlánú nó do mhilleadh? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost.


Agus féach, do bhí duine ’n‐a láthair agus an íorpais air.


Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leigheas sé é, agus do chuir sé ar a bhealach é.


Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh?


Má ghnítear timcheall‐ghearradh ar dhuine sa tsabóid, chum nach mbrisfidhe reacht Mhaoise, an bhfuil olc agaibh damh‐sa, de chionn gur leigheasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí