Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.
Lúcás 13:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh dʼáitreabhaigh in Iarúsailéim? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Amhail an t-ochtar déag ar thuit an túr ortha i Siloe, gur mharbh iad, an síleann sibh gur mhó na fiachamhnaigh iad ná na daoine eile go léir a bhí ina gcómhnaidhe i n-Ierusalem? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nó an sáoiltí na hochd bhfir deag úd, air ar thúit an tor a Síloam, agus do mharbh iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áoin nduine eile dá raibh na gcomhnuidhe a Niárúsalém? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóm agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile dʼáitritheoirí Iarúsailéim? An Bíobla Naofa 1981 Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim? |
Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant aige air.
Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.
Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc.
Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.
Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.
D’fhreagair sé: An fear san an a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé de m’ shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán Silóé agus nigh.
Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé, (a míníghthear: Teachtaire). D’imthigh sé agus do nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.
Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n-a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtháinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar bheó ó’n ndíoltas é.