Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd.
Lúcás 13:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Imthighigidh, agus abraigidh leis an tsionnach úd: Féach, teilgim amach deamhain, agus ghním leigheasanna, indiu agus i mbárach, agus ar an treas lá béidh deireadh liom. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo, Imthighidh agus abraidh leis an sionnach sin, Féach, atáim ag cur deamhan amach, agus ag déanamh leighiseann indiu agus amárach, agus béidh deireadh liom an treas lá. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, Ar nimtheach dáoibh, abruidh ris an tsionachsin, Féuch, teilgimsi deamhain amach, agus dó ním leigheas a niu agus a márach, agus críochnóchar leam an treas lá. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo: “Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: ‘Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. |
Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd.
D’fhreagair Íosa iad: Tá a lán oibreacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m’Athair; cé’cu obair acu go bhfuil sibh ag gabhail do chlochaibh ionam mar gheall air?
Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.