Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mura bhféadann sibh an rud beag bídeach sin a dhéanamh, cad chuige a mbíonn imní oraibh faoi an gcuid eile?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar an adhbhar sin, muna bhfuil an rud is lugha ar bhur gcumas, cad chuige a mbíonn cúram oraibh fá na neithe eile?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Mar sin de, muna féidir dhaoibh an nidh is suaraighe do dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith fá imnidhe i dtaobh éinnidh eile?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar bhur gcumas an ní as lugha, créd fa bhfuil cúram na neitheann eíle oraibh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh a bheith imníoch faoi na rudaí eile?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile?

Féach an chaibidil



Lúcás 12:26
7 Tagairtí Cros  

D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach?


Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin?


Féachaidh ar na lilíbh, conus mar a dh’fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh Salomón ’n-a ghradam éidighthe mar ceann acu san.


Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh.