Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais.
Lúcás 11:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b’iad bhúr n-aithreacha do mharbhuigheadh na fáidhe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mairg díbh-se, a thógas tuambaí na bhfáidh; agus mharbh bhur n-aithreacha iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is mairg daoibh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus gurbh iad bhúr sinnsir do mharbh iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As anáoibhinn daiobh! oír tógtháoi túamuidhe na bhfáidheadh, agus a siád bhur naithreacha do mharbh iád. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n-aithreacha a mharaigh iad! An Bíobla Naofa 1981 Is mairg daoibh, mar go dtógann sibh tuamaí na bhfáithe agus gurbh iad bhur n‑aithreacha a mharaigh iad! |
Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais.
Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh ’n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha ’ghá marbhadh agus sibh-se ag cur na leacht suas dóibh.
A lucht na muinéal stuacach agus na gcroidhthe agus na gcluas gan tímpallghearrad, táthaoí coitchianta ag cur i n-aghaid an Spioraid Naoimh: Mar a bhí bhúr n-aithreacha, sin mar atáthaoí-se.