I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.
Lúcás 11:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndorchadas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach; acht má bhíonn sí olc, béidh do chorp mar an gcéadna dorcha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas. An Bíobla Naofa 1981 Is í do shúil lampa do choirp. Nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do chorp ar fad solasmhar freisin. Ach nuair a bhíonn sí tinn, bíonn do chorp ar fad sa dorchadas. |
I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.
Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhasla, uabhar, mí-chiall.
An bhfuil cluasa oraibh agus ná h-airigheann sibh? Nó an amhlaidh nách cuimhin libh?
Tabhair aire, d’á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith ’n-a dhoircheacht agat.
Ach féach siné lámh an Tighearna anois ort, agus beidh tú ad dhall, agus ní fheicfir an ghrian, go ceann tamaill. Agus le n-a linn sin do thuit sgamall air agus doircheacht, agus bhí sé ag cuardach ’n-a thímpall féachaint an bhfaghad sé duine thabharfadh a lámh dó.
Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach la, agus ag brise aráin ó thigh go thigh, do chaithidís a gcuid bídh i n-áthas agus i n-aoine croidhe,
Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.