Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 10:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir deirim libh, gurbh áil le mórán fáidh agus ríghthe na neithe d’fheiceáil, atchí sibh-se, agus ní fhaca siad iad; agus na neithe a chluinstin, a chluin sibh-se, agus ní chuala siad iad.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir deirim libh, bʼáil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Óir deirim libh, b'áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”

Féach an chaibidil



Lúcás 10:24
7 Tagairtí Cros  

Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid.


Agus d’iompuigh sé chun a dheisgiobul, agus dubhairt sé: Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn na neithe a chíonn sibh-se.


Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú?


Ba mhór ag bhúr n-athair Ábraham go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Do chonaic, agus bhí áthas air.