Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Agus bʼshiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus féach, d’éirigh dlightheoir áirithe ina sheasamh, ag cur féachála air, agus ag rádh: A Mháighistir, cad é is éigean damh a dhéanamh leis an bheatha shíorraidhe a ghnóthughadh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Dʼéirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, dá phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:25
13 Tagairtí Cros  

Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam?


Agus ’ghá bhfreagradh dubhairt sé: Cad a dh’órduigh Maois daoibh?


Agus tháinig chuige duine de sna Sgríbhneóiribh a bhí ag éisteacht leó-san ag déanamh an aighnis, agus nuair a chonaic a fheabhas do fhreagair sé iad, d’fhiafraigh sé dhe cad í an chéad aithne de sna h-aitheantaibh go léir.


Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.


Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú?


Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam?


Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.


Ach ’ghá thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go bhféadfaidís rud éigin a chur ’n-a leith. Agus do chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an dtalamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí