Agus an chlochsa, do chuir mé mar philéir, biaidh na thigh Dé: agus do nuile ní dá ttiubhra tú dhamh do bhéura misi go dearbhtha a dheachmhadh dhuitsi.
Iósua 4:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus aithin díobh, ghá rádh, Beiridhsi libh as so as lar Iordan, as a náit ar sheasadar go daingean, cosa na sagart dá chloich dhéag, agus béarthaói libh a nonn íad, agus fáguidh íad san náit fosadh, a mbéid na loistinídhe a nochd. An Bíobla Naofa 1981 agus tabhair an t‑ordú seo dóibh: ‘Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.’ ” |
Agus an chlochsa, do chuir mé mar philéir, biaidh na thigh Dé: agus do nuile ní dá ttiubhra tú dhamh do bhéura misi go dearbhtha a dheachmhadh dhuitsi.
Atá an TIGHEARNA ann a theampall naomhtha, atá árdchathaóir аn TIGHEARNA air neamh: do bheirid a shúile aire, teastuighid forrdhubha a shúl, clann a ndaóine.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.
Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal uile, Féachuidh, biáidh an chlochso mar fhiadhnuisi aguinn; óir do chúala sí bríathra an TIGHEARNA uile noch do labhair sé rinne: biáidh sí ann sin mar fhiadhnuisi oruibhsi, deagla go séanfadh sibh bhur Ndía.
Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.
Ann sin do ghoir Iosua an dá fheardhéag, noch do órduigh sé do chloinn Israel, fear as gach éantreibh:
Agus do rinneadar clann Israel mar do aithin Iosua dhíobh, agus do thogbhadar súas dhá chloich dhéag as lár Iordan, mar a dúbhairt an TIGHEARNA re Iosua, do réir uibhre threabha chloinne Israel, agus rugadar léo a nonn íad gus a náit ar fhosadar, agus do léigeadar ar lár ann sin íad.
Ann sin do thóg Samuel cloch, agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus Shen, agus do ghoir Eben‐eser dainm dhi, gha rádh, Go nuige so do chuidigh an TIGHEARNA sinn.