Agus láimh ré téoruinn Naphtali, ón táoibh shoir gus an dtaóibh shíar, cuid ronna do Mhanasseh.
Iósua 17:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhrígh go bhfúaradar íngheana Mhanasseh oighreachd a measc a mhac: agus go bhfúaradar an chuid oile do mhacaibh Mhanasseh fearann Gilead. An Bíobla Naofa 1981 mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád. |
Agus láimh ré téoruinn Naphtali, ón táoibh shoir gus an dtaóibh shíar, cuid ronna do Mhanasseh.
¶ Agus thug Máoise oighreachd do leththreibh Mhanasseh: agus do bé so sealbh leiththreibhe Mhanasseh do reír a muintear.
Agus dob í a tteóra ó Mhahanaim, Básan uile, rioghachd Og rígh Básan uile, agus bailte Iair uile, noch atá ann Básan, trí fichthid cathair:
Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear.
Agus do thuit deich ccoda chum Manasseh, táobh amuich dfearann Ghíléad agus Básan, noch bhí ar an ttaóibh oile do Iordan;
¶ Agus do bhí cósta Mhanasseh ó Aser go Michmetah, atá as coinne Shechem; agus do chuáidh an téora air fad ar an láimh dhéis go dúthchusaibh En‐tappuah.
Annois thug Maóise sealbh do leiththreibh Mhanasseh a Mbásan: ach don leiththreibh oile dhíobh thug Iosua a measc a ndearbhráithreach don taóibhsi do Iordan leath shiar. Agus a nuáir do chuir Iosua ar siubhal íad sin fós dá loistínibh, annsin do bheannuigh sé íad,