Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Títeas 2:6 - An Bíobla Naofa 1981

Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh bheith stuama staidéartha

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Iarr ar na fir óga mar an gcéanna srian a chur leo féin.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Spreag na fir óga, mar an gcéadna, chum bheith staidéartha:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Teaguisg na hóganuidh mar an gcéudna fá bheith suáimhneach na ninntinn.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh a bheith stuama staidéartha

Féach an chaibidil



Títeas 2:6
9 Tagairtí Cros  

Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh, Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh.


A ógánacha agus a chailíní, a sheanóirí agus a leanaí le chéile,


Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.


Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;


Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.


Ná tabhair casaoid do sheanduine ach déan tathant air mar a dhéanfá ar d'athair. Déan le fir óga mar a dhéanfá le do dheartháireacha.


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.