An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Títeas 1:3 - An Bíobla Naofa 1981 agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus a nocht sé go ham agus go huair ina bhriathar tríd an tseanmóireacht a taobhaíodh liom mar a dʼaithin Dia ár Slánaitheoir é; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do fhoillsigh sé a bhríathar a nám iomchubhaidh tré sheanmóir an tsoisgeil, do fágbhadh táobh riumsa do réir áithne De ar Slánaightheóra; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn sa bhforógra a cuireadh ina chúram orm-sa ar ordú Dé, ár Slánaitheoir. |
An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Déanaigí fógra, cuirigí bhur gcás i láthair, gabhaigí i gcomhairle le chéile fiú amháin: Cé a d'fhógair an méid sin roimh ré, nó cé a d'fhoilsigh é ag an am? An ea nach mise, an Tiarna, a rinne? Níl aon dia eile ann ach mé féin, Dia cóir agus Fuascailteoir; níl dada eile ann ach mise amháin.
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.
agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”
Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.
Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,
le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta
ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d'fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.
Dá mba de mo dheoin féin a bheinn á dhéanamh sin bheadh tuarastal ag dul dom; ach más de m'ainneoin é, is dualgas é atá curtha orm.
Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,
nuair a bheadh an t‑ionú tagtha - mar atá, an beartas gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.
Tháinig sé ag fógairt dea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar;
mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáimse i ngéibheann.
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d'fhonn daoine a shásamh ach d'fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n‑intinn.
Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.
atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.
Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin
nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.
fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost.
Ansin d'imir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain.