Seanfhocal 8:10 - An Bíobla Naofa 1981 Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gabhaidhsi mo theagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toghtha. |
Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi, Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.
Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.
Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.
Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.