Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 10:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin; ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Is airgiod toghtha teanga a nfíréin: is beag is fíu croidhe an drochdhuine.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 10:20
12 Tagairtí Cros  

Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.


Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.


Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna agus canann a theanga an ceart;


Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.


Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.


Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.


Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.


Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos; “Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.


Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid.


Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí