Seanfhocal 5:6 - An Bíobla Naofa 1981 In áit bealach na beatha a leanúint, gabhann sí bealaí fáin gan stuaim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Deagla go smúainteochthá casán na beatha, atáid a slighthe sóghluáiste, iondus nach éidir leachd a naithne. |
Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.
An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.
Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.
Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”
Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.
Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!