Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
Seanfhocal 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Óir ceartaíonn an Tiarna an té dá dtugann sé grá, faoi mar a dhéanann athair lena mhuirnín mic. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír an té ghrádhuighios an TIGHEARNA, smachtuighidh sé é; amhuil athair an mac iona mbí a dhúil. |
Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac; an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.
Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí.
Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
Óir is ar an duine a bhfuil grá aige air a chuireann Dia smacht agus sciúrsálann sé gach duine a nglacann sé leis mar mhac.”
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.