D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”
Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.
féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”
“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”
Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.
Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.