Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 3:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Tabhair onóir don Tiarna le do mhaoin go léir, agus le céadtorthaí d'fhómhair go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Onoruidh an TIGHEARNA le do mhaóin, agus le primidil huile bhisigh:

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:9
30 Tagairtí Cros  

agus an chloch seo a chuir mé ina seasamh mar ghallán cuimhneacháin, beidh sí ina teach Dé, agus tabharfaidh mé duit deachú dá mbronnann tú orm.”


D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”


Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.


Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh, agus ár dtréada ag breith ina mílte, agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.


Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.


Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.


Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.


Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”


Éireoidh an fial saibhir; an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.


Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.


Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.


An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.


Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n‑urlár buailte.


Mar an gcéanna d'fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile.


Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.


Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí