Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Ansin líonfar do sciobóil go béal agus beidh maol ar do dhabhcha le fíon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Marsin líonfuighear do scioból lé saídhbhrios, agus brisfid do chantaóirighe amach le fíon núadh.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 3:10
15 Tagairtí Cros  

D'fhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”


Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.


Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh, agus ár dtréada ag breith ina mílte, agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.


An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.


Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.


féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.


Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí