Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin).
Seanfhocal 20:3 - An Bíobla Naofa 1981 Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is onóir do dhuine scur do cheannairg: acht biáidh gach áon amadán ag teagmháil. |
Tharla aighneas dá bhrí sin idir aoirí thréad Abrám agus aoirí thréad Lót (bhí na Canánaigh agus na Pirizigh ina gcónaí sa tír an uair sin).
Dúirt Abrám más ea le Lót: “Ná bíodh aon aighneas idir m'aoirí-sé agus d'aoirí-sé, mar is bráithre sinn.
Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid.
Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.
Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.
Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Ach má tá éad searbh oraibh agus uaillmhian doicheallach in bhur gcroí, ná bígí ag maíomh ná ag bréagnú na fírinne.
Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n‑ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha?