Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh, ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.
Seanfhocal 17:2 - An Bíobla Naofa 1981 Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bíaidh ríaghuil ag an tseirbhíseach chrionna ós cionn an mhic thuillios náire, agus biáidh cuid do noighreacht aige a measg na ndearbhráithreach. |
Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh, ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.
An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla.
Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,