Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
Seanfhocal 11:9 - An Bíobla Naofa 1981 Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Millidh an meabhlach a chomharsan le na bhéul: acht tré éolus sáorfuighear an tionnraic. |
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal
Tá an peaca ina lár. Ní scarann an foréigean ná an feall lena sráideanna choíche.
Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.
Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
“Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.
“Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;
Agus tá daoine agaibh féin a éireoidh agus a thabharfaidh teagasc claon d'fhonn deisceabail a mhealladh chucu.
Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.