Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Seanfhocal 10:9 - An Bíobla Naofa 1981 An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An té shiubhlas go hionnruic imthighidh go daingion: acht an té mhillios a shlighthe aitheontar é. |
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.
Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.
B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.
Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.
Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.
Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo.