Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
Seanfhocal 10:10 - An Bíobla Naofa 1981 An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas, [ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin]. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An té chláonas le na shúil tabhuigh sé dóbrón: acht tuitfidh a nóinmhid shíorchainteach. |
Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm.
Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.
Tá urchóid á taibhreamh d'fhear sméidte na súl, agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.
Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.
Dá bhrí sin, má thagaimse cuirfidh mé ina luí air céard tá ar siúl aige, é ag béadán orainn le briathra éagóracha. Agus faoi mar nach leor leis sin, ní fháiltíonn sé féin roimh na bráithre, agus coisceann sé an mhuintir a fháiltíonn agus díbríonn as an eaglais iad.