Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
Salm 127:2 - An Bíobla Naofa 1981 Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibhse a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Mura gcumhdaíonn an Tiarna an chathair: is in aisce a fhanas an coimeádaí ina dhúiseacht. Psalma Dhaibhí 1836 Is diomhaoin dhíbhse’ mhoch‐éirgheas, ’S an oidhche airneann bhuan, No ’githeadh arain goirt na bpian, D’á mhuirnín bheir se suan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is díomhaóin díbhsi noch éirghios go moch shighios go deighionach, noch íthios arán an doilghiosa: marsin do bhéaraidh sé codladh dá fhior gráidh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas, agus bheith ag airneán go déanach, sibh-se a itheann arán an tsaothair; óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh. |
Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.
Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain, thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.
Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.
fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.
Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin;
Agus uaidhsean: Dhúisigh mé agus bhí [athbheocht] ionam, agus ba shámh é mo chodladh.
Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.