Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
Salm 102:6 - An Bíobla Naofa 1981 Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Táim mar pheileacán a bhíos san fhásach: agus mar ulchabhán ar uaigneas. Psalma Dhaibhí 1836 Mar Phelicán ’san bhfásach me, No ulchabhchán na mbeann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is cosmhuil mé ris an bpelicán annsa díothramh: atáim mar ulchabhcan na nuáigneas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann. |
Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach, tá mé ag olagón ar nós colúir; tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard, amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.
Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.
Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.
Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;