Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 18:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus scairt sé in ard a ghlóir, “Thit sí, thit sí, an Bhabalóin a bhí mór! Rinneadh áitreabh deamhan di, agus ionad a mbíonn gach sprid dá shalaí dá tháire, agus gach éan dá bhréine agus dá dhéistiní ag tarraingt air;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, g‐á rádh, Tuitthe! tuitthe! atá sí tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, agus atá áitreabh deamhan déanta dhi, agus uachais do gach spiorad neamh‐ghlan, agus carcair do gach éan neamh‐ghlan, adhfhuathmhar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do éigh sé go láidir go ghúth árd, ag radh, Do thuit, do thuit an Bhabilóin mhór, agus do rinneadh áit comhnuighe deamhan di, agus ionadh congmhála gach spioruide neamhghlóine, agus áit cúmhduigh gach éinfhúathmhair neamhghloin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Ghlaoigh sé in ard a ghutha dá rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, agus lóiste gach ainmhí neamhghlain uafair;

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 18:2
26 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”


“Tairngir thusa ina n‑aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo: ‘Nuallann an Tiarna ón ard, labhraíonn sé óna shanctóir naofa; béiceann os ard in aghaidh a chró caorach; ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora. Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán;


Beidh an Bhablóin ina carnán cloch, ina háit chónaithe ag seacáil ina huafás agus ina scige, gan duine ná deoraí inti.


Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste; nuailligí ar a son! Téigí ar lorg íoca dá créachta; b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!


Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.


agus a chosa ar lí an phráis líofa arna scagadh i bhfoirnéis, agus a ghlór mar ghlór tuiltí lána.


agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.


Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;


Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”


Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”


Agus chonaic mé trí spioraid neamhghlana, mar fhrogaí, ag teacht ó bhéal an dragain agus ó bhéal an bheithígh agus ó bhéal an fháidh bhréige -


Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.


Agus an bhean a chonaic tú, ise an chathair mhór, í siúd a bhfuil údarás aici ar ríthe an domhain.”


Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”


agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: “Is mairg duit, is mairg a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”


Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht, gan fáil uirthi feasta.


agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí