Salm 102:11 - An Bíobla Naofa 1981 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Tá mo laethanta imithe mar scáil: agus bímse críon mar fhéar. Psalma Dhaibhí 1836 Mar sgáile chláon mo laethe sios, A’s shearg me féin mar fhéur; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is cosmhuil mó láethe re scáile noch théarnuighios; agus atáim amhuil féur ar ccríonadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé. |
Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?
agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir.
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;