Rut 4:22 - An Bíobla Naofa 1981 ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghin Obed Iesse, agus do ghin Iesse Dáibhi. |
Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.
Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”
Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].