Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.
Nihimiá 9:12 - An Bíobla Naofa 1981 Mar cholún néil threoraigh tú iad sa lá Agus mar cholún tine san oíche, Leis an mbealach rompu a shoilsiú, An bealach a bhí acu le triall. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tuilleamh oile do thréoruigh tú íad san ló le piléur néullamhuil; agus annsa noidhche le piléur teineadh, do thabhairt soluis dóibh annsa tslighe iona rachaidís. |
Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.
agus sheol sé ar an mbóthar díreach iad ionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.
Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m'anam.
Threoraigh tú le teann grá an pobal a d'fhuascail tú; rinne tú eolas dóibh le do neart chun d'áitribh naofa.
An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.
Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d'ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d'fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n‑ardaíodh sé.
an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.