Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].
Nihimiá 8:10 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt sé leo: “Imígí libh, ithigí an tsaill agus ólaigí fíon milis agus cuirigí cuid díobh chun an té nach bhfuil aon ní ullamh aige. Óir tá an lá seo coisricthe dár dTiarna. Ná bíodh brón oraibh óir is é áthas an Tiarna bhur neart.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart. |
Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].
Agus chiúnaigh na Léivítigh an pobal go léir á rá: “Bígí ar bhur suaimhneas; is lá coisricthe é seo; ná bíodh brón oraibh.”
Agus d'imigh an pobal go léir leo a ithe agus a ól agus a thabhairt scaireanna uathu agus a dhéanamh gairdis toisc gur thuig siad brí na nithe a fógraíodh dóibh.
Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir; bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.
Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.
Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.
Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.
Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.
Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.
Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart. Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt, an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó, le go mbailínn Iacób ar ais chuige, le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó:
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
“A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.
Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.
Ach tugaigí uaibh ina dhéirc an ní atá agaibh, agus tá gach aon ní glan daoibh feasta.
Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán d'áthas, agus d'ainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad.
siúd is go bhféadfainnse bheith teann as an gcolainn chomh maith le cách. Go deimhin cibé duine eile atá teann as an gcolainn, is mó ná sin an bun atá agamsa le bheith amhlaidh:
agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”
Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”