Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Nihimiá 8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Do ghuil an pobal ag éisteachd re dlighe Dé ó Esra. 9 Acht diarradh orra bi gairdeach.

1 Agus do chruinnigh an pobal íad féin a bhfochair a chéile amhuil áonduine annsa tsráid do bhí as coinne gheata a nuisge; agus do labhradar re Hesra an scribhneóir do thabhairt leabhair dhlighe Maoise leis, noch do aithin an TIGHEARNA do Israel.

2 Agus thug Esra an sagart an dligheadh as coinne an chomhchruinnigh fear agus ban, an mhéid lear bhféidir a chlos maille re tuigsin, ar an ccéad lá don tseachtmhadh mí.

3 Agus do léigh sé ann a bhfiadhnuisi na sráide do bhí as coinne geata a nuisge ó mhaidin go meadhon laói, a lathair na bhfear agus na mban, agus na méide dféud a thuigsin; agus do bhádar clúasa an phobail uile aireach ar leabhar an dlighe.

4 Agus do sheas Esra an scribhneoir ar chrannghaille do rinneadar déantoisc dó sin; agus re na tháobh do sheas Mattitiah, agus Sema, agus Anaiah, agus Uriiah, agus Hilciah, agus Maaseiah ar a láimh dheis; agus air a láimh chlé, Pedaiah, agus Missael, agus Malchiah, agus Hassum, agus Hasbadana, agus Sechariah, agus Mesullam.

5 Agus dfoscuil Esra an leabhar a radharc an phobuil uile, (óir do bhí sé ós cionn an phobail uile); agus a nuáir dfoscuil sé é, do sheasadar an pobal uile súas:

6 Agus do bheannuigh Esra an TIGHEARNA, an Día mór. Agus do fhreagair an pobal uile, Amen, Amen, ag tógbháil a lamh súas: agus do chromadar a ccinn, agus do adhradar an TIGHEARNA le na naighthibh chum na talmhan.

7 Mar an ccéadna thug Iessua, agus Báni, agus Sherebiah, Iamin, Accub, Sabbetai, Hediiah, Maaseiah, Celita, Asariah, Iosabad, Hanan, Pelaiah, agus na Lebhítigh, ar an bpobal an dligheadh do thuigsin: agus do sheasadar na daóine iona náit.

8 Marsin do léigheadar annsa leabhar dligheadh Dé go soilléir, agus thugadar a chíall úatha, agus thugadar orra an leightheóireacht do thuigsin.

9 ¶ Agus Nehemiah, noch asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scribhneóir, agus na Lebhítigh do theagaisc an pobal, a dubhradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niugh náomhtha don TIGHEARNA bhur Ndía; ná déanuidh doilghios, nó gul. Oir do ghuil an pobal uile, a nuáir do chúaladar bríathar an dlighe.

10 Ann sinn a dubhairt sé ríu, Imthighidh romhuibh, ithidh an méathus, agus ibhidh an mhillsi, agus cuirigh roinn chum na druinge dá nar hullmhuigheadh éinní: óir atá an láso náomhtha dar TTIGHEARNA: narab mó bhías doilghios oruibh; óir isé gáirdeachus an TIGHEARNA bhur neart.

11 Marsin do choisgeadar na Lebhitigh an pobal uile, gha rádh, Bíthí bhur ttochd, óir atá an lá naomhtha, agus na bíthí dóbrónach.

12 Agus dimthigheadar an pobal uile rompa dithe, agus dól, agus do chur ronna úatha, agus do dhéanamh sóláis mhóir, do bhrígh gur thuigeadar na bríathra do foillsigheadh dhóibh.

13 ¶ Agus ar an dara lá do chruinnígh a bhfocair a chéile togha na naithreadh don phobal éile, na sagairt, agus na Lebhítigh, go Hesra an scríbhneóir, eadhon do thuigsin bhriathar an dlighe.

14 Agus fúaradar scríobhtha annsa dligheadh noch do aithin an TIGHEARNA tré Mhaóise, go ndeindís clann Israel comhnuigh a mbothuibh a bhféasta an seachtmhadh mí.

15 Agus go bhfoillseochaidís agus go bhfuáigeoradís iona ccaithreachaibh éile, agus ann Ierusalem, dha rádh, Eirghidhe amach fán tslíabh, agus tugaidh libh cráobha do chrann ola, agus géaga pínchroinn, agus cráobha mirtil, agus cráobha pailme, agus beangáin do chrannuibh tiugha, dó dhéanamh botha, mar atá scríobhtha.

16 ¶ Marsin do chuáidh an pobal amach, agus thugadar léo íad, agus do rinneadar botha dhóibh féin, gach áon ar mhullach a thighe féin, agus iona ccúirtibh, agus a ccúirtibh thighe Dé, agus a sráid gheata a nuisge, agus a sráid gheata Ephraim.

17 Agus do rinnedar an comhchruinniughadh uile an mhéid tháinic a rís as a ndáoirsine dhíobh botha, agus do shuigheadar faói na bothuibh: ó láethibh Iesua mhic Nun go nuige an lásin ní dhéarnadar clann Israel marsin. Agus do bhí rogháirdeachus mór annsin.

18 Marsin lá ar lá on ccéadlá go nuige an lá deighionach, do léigh sé a leabhar dlighe Dé. Agus do chonngmhadar an féasta seachd lá; agus ar a nochtmhadh lá do bhí oireachdus sóllamonta, do réir an ghnátha.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí