gur thug tú treoracha d'fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: ‘Tá rí ag Iúdá.’ Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb'fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.”
Nihimiá 6:8 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: “Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do chuir misi scéula chuige, gha rádh, Ní dhéarnadh éinní don tsórt sin a deir tú, acht tusa da ccuma as do chroidhe féin. |
gur thug tú treoracha d'fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: ‘Tá rí ag Iúdá.’ Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb'fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.”
Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.
Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.
nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
Ach dúirt Pól: “Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.
Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú.