Tá an dá olc seo tar éis teacht ort - cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, - cé a thabharfadh sólás duit?
Nahum 3:7 - An Bíobla Naofa 1981 Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: “Tá Nínivé léirscriosta!” Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tiucfuidh a ccrích, an mhéid fhéuchfas oit go tteithfid síad romhad, agus go naibeoruid, Do leagadh Ninebheh na fásach: cía chaóinfios í? cía as a níarrfa misi cobharthuigh dhuit? |
Tá an dá olc seo tar éis teacht ort - cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, - cé a thabharfadh sólás duit?
Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat, cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú?
Uime sin - mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre.
‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.
Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail, a iníon Iarúsailéim? Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású, a iníon ógh Shíón? Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige. Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
Sínfidh sé a lámh amach in aghaidh an tuaiscirt agus scriosfaidh sé an Asaír agus déanfaidh sé díthreabh de Nínivé nó go mbeidh sí chomh tirim le fásach.
Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: “Ná slogadh an talamh sinn!”
agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: “Is mairg duit, is mairg a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”