Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 ‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Do leigheosamaóis an Bhabilóin, acht ní bhfuil sí leigheasta: tréigidh í, agus éirghiom gach uile dhuine aguinn dá thír féin: óir roithchidh a breitheamhnus go neamh, agus do tógbhadh súas é gus na spéirigh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:9
13 Tagairtí Cros  

Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: “Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.


agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.


Ansin, mar a bheadh fia á sheilg, mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh, tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin, agus teithfidh chun a dhúiche féin.


Sin agat anois do lucht draíochta, lenar chaith tú do dhua ó d'óige i leith! Imeoidh siad leo, gach aon acu ag dul roimhe, gan de chumas iontu tú a shábháil.


Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é! Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár! Ansin ar siad lena chéile: ‘Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin, go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!’


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Tóg ón mBablóin an síoladóir, agus fear an chorráin san fhómhar. Éalaígí ón gclaíomh millte, déanadh gach duine ar a dhaoine féin, teitheadh gach fear dá dhúiche féin.


Chuaigh an fómhar tharainn, tá deireadh leis an samhradh, agus níor tugadh tarrtháil orainn!


Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!


Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.


Óir shroich a cionta na flaithis agus thug Dia a héagóra chun cuimhne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí