Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste; nuailligí ar a son! Téigí ar lorg íoca dá créachta; b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do thuit an Bhabilóin go hobann agus do milleadh í: núalluigh ar a son; glacaidh íce ar a heasláinte, madh féidir mar sin a leighios.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:8
20 Tagairtí Cros  

Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.”


Ach tiocfaidh tubaiste ort nach mbeidh dul agat [a chur faoi chónaí]; titfidh matalang ort nach mbeidh tú in ann a chur díot; bainfidh míchríoch díot nach bhfuil coinne agat léi.


Tiocfaidh an dá rud seo díreach sa mhullach ort d'aon iarraidh agus in aon lá amháin. Caill do chlainne agus baintreachas, tiocfaidh siad ort go tobann, d'ainneoin do chuid asarlaíochta go léir agus ilchumas do dhraíochta.


Éirigh suas go Gileád ar lorg íoca, a mhaighdean, a iníon na hÉigipte! Is go díomhaoin a ghlacann tú mórán oideas; níl leigheas i ndán duit.


Tá Móáb briste agus náirithe. Uailligí agus éimhigí Scairtigí thar Amón anonn gur creachadh Móáb.


Ar an ábhar sin uaillimse ar son Mhóáb, golaim ar son Mhóáb uile, agus caoinim fir Chír Heireas.


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


“Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadh í siúd a bhí i mbéal an tsaoil? Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún?


Nach bhfuil íocshláinte feasta i nGileád? Nach bhfuil aon lia ann? Cad chuige mar sin nach ndéanann sé aon dul ar aghaidh, an leigheas seo iníon mo dhaoine?


“A mhic an duine, tairngir agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Caoin: ‘Mairg don lá!’


Níl aon legheas ar do lot; is marfach í do chneá. An uile dhuine a chloiseann do scéal, buaileann sé bosa mar gheall ort. Óir cé air nár luigh do dhanarthacht gan staonadh?


Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí