Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Matha 9:28 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, tháinic na daill chuige. Agus deir Íosa leo: An gcreideann sibh go dtig liom seo a dhéanamh díbh? Deir siad leis: Creidimíd, a Thighearna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, tháinig na daill chuige: agus adubhairt Íosa leo, An gcreideann sibh go bhfuil ar chumas dom an nidh seo do dhéanamh? Adubhradar‐san leis, creidimíd, a Thighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth tháinic sé a sdeach do tigh, tangadar na doill chuighe: agus a deir Iósa ríu, An gcreidthí gur ab eídir leamsa so do dhéanamh? A deirid siádsan ris, Creidmíd, a Thighearna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig na daill chuige nuair a chuaigh sé isteach sa teach. Dúirt sé leo: “An gcreideann sibh gur féidir dom é seo a dhéanamh?” Dúirt siad: “Creidimid, a Thiarna.” |
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.
Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”
Ansin, leag sé a lámh ar a súile agus dúirt: “Bíodh agaibh de réir bhur gcreidimh.”
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?”
Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”
Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a d'fhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leighiste aige,