Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
Matha 9:15 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leo: An féidir do chloinn an fhir nua-phósta mairgneach a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nua phósta ina gcuideachta? Acht tiocfaidh na laethe ina dtógfar uatha an fear nua-phósta, agus annsin dhéanfaidh siad troscadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an fhir núaphosda bheith dóbronach, an feadh bhios an té do pósadh na bhfochair? achd tiocfuidh lá ann, a dtóigéabhthar an fear núaphósda uátha, agus ann sin do dhéunaid síad trosgadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin. |
Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”
Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é.
Dúirt Íosa leo: “An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.
Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin.
Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t‑am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é.
Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?
Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.”
An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.
Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh.
Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile d'fhonn bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta.
Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach.
Agus dúirt [an t‑aingeal] liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.” Ansin dúirt sé liom: “Focail fhíora Dé iadsan.”
Agus chonaic mé an chathair naofa, an Iarúsailéim nua, ag teacht anuas ó na flaithis, ó Dhia agus í ullamh maisithe mar nuachair i gcomhair a fir chéile.