Matha 8:28 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a tháinig sé go dtí an taobh thall, go tír na nGadairénach, tháinig beirt ina airicis ag teacht amach as na tuamaí, a bhí chomh fíochmhar nár fhéad aon duine an tslí úd a shiúl. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic sé trasna an uisce go tír na nGeraisíní, casadh air beirt fhear a bhí i seilbh deamhan, ag teacht amach as na tuambaí, agus iad as cuimse fíochmhar, san chruth nárbh fhéidhir le h-aoinneach an bealach sin a ghabháil. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair tháinig sé do’n taobh eile, isteach i dtír na nGadarénach, do casadh air beirt i n‐a raibh deamhain, agus iad ag teacht as na tuamaibh, agus iad an‐fhíochmhar, i dtreo nárbh fhéidir le duine ar bith gabháil an tslighe sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí an taobh eile bainte amach aige, i dtír na nGadairéanach, tháinig faoina dhéin beirt a raibh deamhain iontu ag teacht amach as na tuamaí, agus iad chomh fiata sin nárbh fhéidir do dhuine ar bith an bóthar sin a ghabháil. |
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”
an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.
“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,
I laethanta Sheamgar mac Anát, I laethanta Iáéil, Tugadh cúl leis an mbóthar mór; Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.