Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 8:14 - An Bíobla Naofa 1981

Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a chuaigh Íosa isteach i dteach Pheadair, chonaic sé a mháthair chéile ina luí agus an fiabhras uirthi;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a tháinic Íosa go tigh Pheadair, chonnaic sé máthair a mhná ina luighe tinn le fiabhras:

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair, do chonnaic sé máthair a chéile ’n‐a luighe, agus fiabhras uirthi.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tan tháinic Iósa go tígh Pheadair, do chunnairc sé mathair a mhná ná luighe, agus í a bhfíabhrus.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n-a luighe agus éagcruas uirthi;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.

Féach an chaibidil



Matha 8:14
9 Tagairtí Cros  

“Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin - an óna gclann féin nó ó choimhthígh?”


Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.


Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Nach bhfuil sé de cheart againn bean chéile a bheith lenár gcois againn dála na n‑aspal eile, dála bhráithre an Tiarna agus dála Chéafais?


Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;


Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.


Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.