Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 a chrosas ar dhaoine pósadh agus a ordaíos dóibh staonadh ó chineálacha bia a chruthaigh Dia ionas go nglaca an dream creidmheach, a bhfuil fios na fírinne acu, leo go buíoch beannachtach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 ag cur coisc le pósadh agus g‐á mholadh staonadh ó bhiadhannaibh atá cruthuighthe ag Dia chum go gcaithfeadh na daoine fuair creideamh agus eolas na fírinne iad le buidheachas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Noch thoirmisgeas pósadh, an bíadh do sheachna, noch do chrúthuigh Día chum a chaithmhe maille re haltughadh don druing chreideas agus agá bhfuil fios na fírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 4:3
30 Tagairtí Cros  

Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh,


Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.


D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.


Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.”


agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d'altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.


Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.


Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.


Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.


mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.


An duine a itheann, ná bíodh drochmheas aige ar an duine nach n‑itheann; agus an duine nach n‑itheann, ná bíodh sé ag tabhairt breithe ar an duine a itheann, mar go bhfuil glactha ag Dia leis siúd.


An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.


“Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.


Má phósann tú, áfach, ní aon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní aon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin.


Ach ní hé an bia a dhlúthóidh le Dia sinn; ní fearrde sinn é a chaitheamh agus ní measaide sinn é a fhágáil inár ndiaidh.


Dá chionn sin ná ligigí d'aon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.


Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.


Is áil leis go slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.


Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch


B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.


Bíodh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bpósadh agus ná truaillítear é. Óir tabharfaidh Dia daorbhreith ar lucht na drúise agus an adhaltranais.


Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.


Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí