A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].
Matha 7:8 - An Bíobla Naofa 1981 Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir glacann gach aoinneach a iarras, gheibh an té a chuartuigheas, agus fosclóchar do’n te a bhuaileas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir gach aoinneach iarras glacann sé; agus gach aoinneach loirgeas do‐gheibh sé; agus an té chnagas foscaltar dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir gach aoinne a iarrann tugtar dó; agus gach aoinne a loirgeann gheibheann sé, agus gach aoinne a bhuaileann osgal-tar dó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir, gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó. |
A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].
“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.
Nó cén duine agaibh a n‑iarrfaidh a mhac arán air, agus ar cloch a shínfidh sé chuige?
Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.
“Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann...