Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
Matha 6:22 - An Bíobla Naofa 1981 “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is í an tsúil crann solais na colainne. Dá bhrí sin de, más slán do shúil, beidh do cholainn uile lán den solas; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is i do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan, béidh do chorp uilig soillseach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is í an tsúil lóchrann an chuirp: d’á bhrigh sin, má bhíonn do shúil glan, soillsighthear do chorp ar fad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar. |
Is mairg a ghaireann maith den olc, agus olc den mhaith, a dhéanann solas den dorchadas agus dorchadas den solas, a dhéanann milseacht den searbhas agus searbhas den mhilseacht!
Ná ní lastar lampa chun é a chur faoi bhéal na peice, ach in airde ar an gcrann solais mar a dtugann sé solas dá mbíonn sa teach.
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
A sheirbhíseacha, bígí umhal ómósach do bhur máistrí saolta le dílseacht chroí mar a bheadh sibh do Chríost féin,
A dhaora, bígí umhal i ngach ní do bhur máistrí daonna. Ná bígí ag súilseirbhís ar nós lucht na lútála, ach ag obair le dea-chroí, le hurraim don Tiarna.